← Titeann an fhéile leath slí idir grianstad an gheimhridh agus cónocht an earraigh. 🔊
← Thugtaí 'Imbolc' ar an bhféile seo roimh theacht na Críostaíostaíochta agus ba cheann de mhórfhéilte na bliana í. Ciallaíonn an téarma seo 'sa bholg' mar tosaíonn na síolta ag bogadh sa chré i mbolg an domhain agus bhítí ag tnúth le torthúileacht an earraigh agus an tsamhraidh. 🔊
← Deir roinnt scoláirí gur pearsa stairiúil a bhí inti a mhair sa chúigiú haois agus tá tuairiscí á scríobh fúithi ón seachtú haois ar aghaidh. 🔊
← Ba sclábhaí í a máthair agus ba thaoiseach ar Laighin é a hathair. 🔊
← Naomh Pádraig é féin a bhaist í de réir mar a deirtear agus bhí cáil na naofachta uirthi ó bhí sí an-óg. 🔊
← Bheartaigh sí gan phósadh agus a saol a chaitheamh mar bhean rialta. 🔊
← Dhiúltaigh sí é ach dúirt sí leis dul isteach sa choill agus go mbuailfeadh sé leis an gcailín ba dheise agus ba áille riamh agus go bpósfadh sí é. Ar ndóigh rinne sé amhlaidh agus thit gach rud amach mar a dúirt sí go dtitfeadh. 🔊
← Mná amháin a ceadaíodh in aon ghiorracht den tine agus chuir Bríd fúithi anseo i measc na mban a bhí ag adhradh na seandé. 🔊
← Deirtear gur ghlac sí leis an sean-nósmhaireacht agus gur leag sí brí Chríostúil anuas air. 🔊
← Sean-Bhríd Ba dhia a bhain leis an Tuatha Dé Danann í. Bhí beirt deirféar aici ar ar tugadh Bríd freisin - Bríd an Leighis agus Bríd na Gaibhneachta. 🔊
← Ba dhia na filíochta agus na saíochta í Bríd. 🔊
← Tá cuma na Críostaíochta air seo sa mhéad is go bhfuil trí phearsa i mBríd. 🔊
← Thugtaí omós di ag toibreacha beannaithe timpeall na tíre agus sna críocha ceilteacha ar fad. 🔊
← Na Tréithe a bhain le Naomh Bríd Ceaptar gur tógadh cuid mhaith de na tréithe a bhain leis an sean-dia, nó tréithe na dtrí phearsa a bhain léi, agus gur leagadh ar Naomh Bríd na Críostaíochta iad. 🔊
← Tá sé suimiúil go ndeirtear gur thosaigh sí scoil ealaíne agus scoil miotalóireachta. 🔊
← Thainig sí go teach a hathar nuair nach raibh sí ach deich mbliana agus thug sí a chlaíomh seodmhar d'fhear bocht a bhí ag dul thar bhráid ionas go bhféadfadh sé é a dhíol agus bia a fháil dó fein. 🔊
← Bhí a máthair i mbun na déiríochta ar fheirm a bhí ag draoi agus nuair a fuair Bríd a seans thug sí gach a raibh d'im san áit do na bochtain. 🔊
← Deirtear gur mhéadaigh Dia an stór ime arís agus nach raibh an draoi thíos lena carthanacht. 🔊
← Is é an scéal is coitianta faoi Naomh Bríd ná an margadh a rinne sí le Rí Laighean chun talamh a fháil dá clochar agus is iomaí leagan den scéal sin atá ar fáil. 🔊
← De réir leagain amháin den scéal bhí cluasa asail ar an rí agus tháinig sé chuici chun iad a leigheas. 🔊
← Ba leasc leis an rí an talamh a thabhairt uaidh ach dúirt sí nach raibh sí ach ag lorg an méid talún is a chlúdódh a clóca agus d'aontaigh an rí go dtabharfadh sé an méid sin di. 🔊
← Thosaigh sí ag paidireoireacht agus thit tromchodladh ar an rí. 🔊
← Nuair a dhúisigh sé bhí na cluasa ba dheise riamh air agus shochraigh siad ar chruinniú a bheith acu tamall ina dhiaidh sin chun ceist na talún a réiteach. 🔊
← Rinne sí amhlaidh agus lean an clóca ag leathadh amach nó gur chlúdaigh sé an Currach ar fad. 🔊
← Ba ghnách don teaghlach Cros Bhríde a dhéanamh, í a bheannú le paidreacha agus uisce coisricthe. 🔊
← Feictear Cros Bhríde i dtithe go fóill agus is minic a bhronntar ceann ar theaghlach atá tar éis bogadh isteach i dteach nua. 🔊
← Ba nós le daoine béile le prátaí, im agus cabáiste a chaitheamh le chéile tar éis dóibh na crosa a dhéanamh. 🔊
← Suas go dtí an lá atá inniu ann téann cailíní beaga timpeall ó theach go teach agus iad gléasta suas le clócaí agus cochaill agus bábóg á hiompar acu. 🔊
← Tugtar milseáin nó airgead dóibh agus bíonn cóisir bheag acu ina dhiaidh. 🔊
← Théadh daoine go tobar beannaithe Bríde don fhéile agus thógaidís uisce ón tobar abhaile leo le haghaidh na páirceanna a bheannú ionas go mbeadh rath ar na hainmhithe agus ar na barraí sa bhliain a bhí le teacht. 🔊
← Bean dhána na ndán, an dóchais agus na carthanachta í. Naomh nó dia na mban í thar aon ní eile. 🔊
← Ní haon ionadh mar sin go nglactar léi mar sin mar dhuine de thriúr naomh na hÉireann - Pádraig, Bríd is Colmcille, agus is tráthúil é go mbeadh lá saoire poiblí againn ina honóir ar deireadh. 🔊